Glór na nGael

Bunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 mar uirlis forbartha teanga tríd chomórtas idir grúpaí pobail. I 2014 ceapadh Glór na nGael mar cheanneagraíocht Gaeilge, ceann de na sé cheanneagraíocht maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá freagracht ar leith ag Glór na nGael i dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge sa teaghlach; forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó